Cé muid

Celtic

Is grúpa gaeilgeoirí as Béal Feirste, Éire muid atá mar bhall den Dream Dearg. Grúpa de ghníomhaithe gaelacha, a shíl go raibh bearna ann ó thaobh earraí gnáth-laethúil le fáil i nGaeilge. 

An phríomhaidhm atá againn ná an Gaeilge a cur chun cinn sa dóigh is go mbeidh sí chomh feiceálach agus is féidir agus mar chuid den gnáthsaol. 

Is cuimhin liom go minic agus mé óg go mbeadh polaiteoirí éagsúla sna 6 contae ag dúiltiú go raibh pobal gaelach ann agus las seo tine ionam an bréag seo a nochtadh. Tá sé tábhachtach agam a léiriú go bhfuil pobal mór gaelach beo beathach anseo sna 6 contae ag caitheamh saol trí Ghaeilge gach lá.

Thosaigh muid an leathanach ina dhiadh an lá dearg nuair a tháinig 20,000 duine amach ar shráideanna BF chun troid ar son cearta teanga agus aitheantas don Ghaeilge sna 6 contae.


Ach de réir a cheile thuig muid go raibh muid dualgas orainn dul níos faide ná an ghaeilge amháin agus go raibh ról againn mar ghaeil seasamh i ndlúthpháirtaíocht le grupaí eile atá faoi chos go domhanda.

Le linn samhradh 2023, d'fhreastail mé ar champa idirnáisúnta de chuid an t-Ionad Lajee atá suite i gCampa Aida sa Bhruach Thiar na Palaistíne chun níos mó tuiscint a fháil ar an streacailt atá idir lámha ag muintir na Palaistíne. Agus me ann, phlé muid dóigheanna a dtiocfadh linn tacú leo agus mé ar ais in Éireann agus chreid mé go raibh féidirtheachtaí ann rudaí speisialta a dhéanamh tríd an leathanach. Dhearaigh muid léine spóirt agus greamáin ina raibh meascán den dá chultúir - Palaistíneach agus Gaelach. Agus tá mé sásta a rá go bhfuil anois os cionn £10,000 bailithe againn don eagraíocht iontach seo chun tacú leis an obair iontach a dhéanann siad le muintir na háite idir óg agus aosta



Bobby sand mural

Chomh maith leis an obair seo bhí sé ina bhuachphointe domsa mar iardhalta, a bheidh abalta obair leis an gaelscoil is mó ar an domhan Coláiste Feirste, ag cur eadaí spóirt ar fail do fhoireann peile s'acu. Agus mé ag fás aníos ag freastail ar Choláiste Feirste is minic a chuala muid an frása 'Ná habair é, déan é!' agus sin an meon agus an mana a ghlacann muid leis an leathanach seo.


Colaiste feirste

Tá obair deanta againn le neart grupaí gaelacha agus bíonn muid thar a bheith sásta obair leo. Más suim agat a bheith ag obair linn déan teagmháil trí [email protected] nó le laochra ar 07549144131